Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: ‘Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Connuimh do chos ó bheith gan bhróga, agus do phíobán ó thart; achd a dúbhairt tú, Ní bhfuil dóigh ann: ní bhfuil, óir do ghrádhuigh mé coimhthighidh, agus leanfa mé íad.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:25
27 Tagairtí Cros  

Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:


d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.


Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.


Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.” Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós.


Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?


Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.


Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.


Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’ ”


A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?


“Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d'aos grá uile!


Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’ Ba é seo do bhéasa ó d'óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.


Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.


Greamaíonn teanga an naíonáin chíche dá charball leis an tart; iarrann na leanaí arán, ach ní thugtar dóibh é.


“Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’


Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]


nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.


Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?


Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,


Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’


Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise?


ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.


Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta; chuireadar fearg air le nithe granna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí