Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 16:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: ‘Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n‑aghaidhne? Céard é ár n‑éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus tiucfa a ccrích, a nuáir innéosas tú na bríathraso uile do na daoinibhsi, agus a déaruidsin riotsa, Cred far fhúagair an TIGHEARNA an lán uilcsi ar naghaidhne? nó créd é ar néigceart? no cred é ar bpeacadh noch do rinneamar a naghaidh an TIGHEARNA ar Ndía?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 16:10
11 Tagairtí Cros  

“Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”


Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.


Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,


Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’


Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.


Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”


Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”


Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí