Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 16:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ann sin a déara tú ríu, Do bhrígh gur thréigeadar bhur naithre mé, a deir an TIGHEARNA, agus gur shlúbhluigheadar a ndiáigh dée oile, agus gur adhradar dhóibh, agus gur onóruigheadar íad, agus gur thréigeadar misi, agus nar choimhéadadar mo dhligheadh;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 16:11
21 Tagairtí Cros  

Agus sé freagra a gheobhaidh siad: ‘Mar gur thréig siad an Tiarna a nDia a thug a sinsir amach as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.’ ”


Agus sé freagra a gheobhaidh siad: ‘Mar gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a thug amach iad as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.’ ”


Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.


Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.


Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’


Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.


Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.


Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,


Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: ‘Conas a fhillfimid?’


Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.


Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí