Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 16:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, do bhéara mé fa deara do chosc as a náitsi ann bhur radharc, agus ann bhur láethibh, gúth an tsúgartha, agus gúth na lúathgháire, gúth a nfir núadhphósta, agus gúth na mná núadhphósta.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 16:9
8 Tagairtí Cros  

Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha; níor chuala a maighdeana laoi na bainise;


“Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn.


Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”


Ach mise, an Tiarna, a labhróidh an briathar agus cuirfear i gcrích é. Ní bheidh a thuilleadh cairde ann; ach, a dhream cheannaircigh, labhróidh mé an briathar agus cuirfidh i gcrích é le bhur linn - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”


Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d'amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó.


Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí