Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 11:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa? Tá cur i gcéill ar siúl aici! An bhféadann móideanna agus feoil choisricthe do chiontacht a chur díot? An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Cred atá ag mo ghrádhach re a dhéanamh ann mo thighsi, ó rinne sí adhfhuathmhaireachda re móran, agus gur imthigh a nfeóil náomhtha úait? a nuáir do ní tú olc, is ann sin do gháirdighios tú.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 11:15
29 Tagairtí Cros  

Ach is é a deir Dia leis an bpeacach: “Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?


Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain, thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.


Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl,


Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.


Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine saigheada agus bás,


An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


“Thréig mé mo theach, d'fhág mé m'oidhreacht, thug mé an rud ab ionúin liom i láimh a naimhde.


d'adhaltranais, do ghártha macnasa, gráin do striapachais! Ar na cnoic faoin tuaith chonaic mé do nithe gránna. Mairg duit, a Iarúsailéim, atá go fóill neamhghlan! Cá fada duit fós ag leanúint ort mar seo?”


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.


Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid - an Tiarna a labhraíonn.


“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.


Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.


“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”


Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.


Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”


Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia - rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí,


Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.


Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.


Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí