Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 11:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Uimesin ná guidhsi ar son an phobailsi, agus ná tóig súas comhairc nó urnuigh ar a son: óir ní éistfidh misi íad annsa nam a néighfid síad chugam ar son a mbuáidheartha.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 11:14
12 Tagairtí Cros  

Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí ní éistfeadh an Tiarna liom.


Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”


Ar an ábhar sin - is mar seo a deir an Tiarna - tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.


Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.


Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.


Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu.


Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo.


Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor - le caoineadh agus le cneadach - toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n‑ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó.


Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí