Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 11:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Crann ola breá géagach, daingean, a thug an Tiarna d'ainm ort. Faoi ghreadadh gaoithe móire cuireann sé tine lena dhuilliúr; tá a chraobhacha ar lasadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do ghoir an TIGHEARNA hainm, Crann glas ola, breághdha, agus do thoradh maith: le fuáim giorruic mhóir do dhearg sé teine air, agus do briseadh a ghéaga.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 11:16
18 Tagairtí Cros  

Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin, Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.


Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá:


tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í, óir phlandaigh do dheaslámh féin í.


An dream a thug tine di agus a ghearr anuas í go scriosa bagairt do ghnúise iad.


Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.


Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.


Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?


(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht. Bláthóidh sí ar nós na lile, agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha mar a dhéanann an stóracs.


Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.


Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.


Beidh crainn ológ agat ar fud do chríoch, ach ní dhéanfaidh tú thú féin a ungadh le hola, óir gearrfar anuas do chrainn ológ.


Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí