Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ansin dúirt an Tiarna: “Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Amach as an ttuaisceart bhrisfeas olc ar a nuile áitreabhthach san tír.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 1:14
17 Tagairtí Cros  

Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.


Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.


Scéala! Scéala chugainn! Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.


“Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.


Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.


Ba bhodóg bhreá an Éigipt, ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre,


“Anois tá cine ag teacht ón tuaisceart, cine mór ó chríocha imigéiniúla na talún tá ríthe ag gluaiseacht;


Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;


D'amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú.


Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuir an pota síos, Cuir síos é agus doirt uisce ann.


Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.


Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí