Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 1:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Oír, féuch, goirfidh misi uile mhuinnteara rioghacht an tuáisceirt, a deir an TIGHEARNA; agus tiucfuid síad, agus suighfid gach aon díobh a chathaoir ríogha a ndul a steach gheata Ierusalem, agus a naghaidh a balladha uile fa ccuáirt, agus a naghaidh chaithreach Iúdah uile.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 1:15
24 Tagairtí Cros  

An chuid is áille de do ghleannta, tá siad breac le carbaid; tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.


Scéala! Scéala chugainn! Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.


Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.


“Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas?


Má dhiúltaíonn siad an cupán a ghlacadh as do láimh agus a ól, déarfaidh tú é seo leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Is éigean daoibh ól!


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís


An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


[Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t‑ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine.


Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.


Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.


Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.


Mar sin, doirteadh amach mo bhruth agus m'fhearg, agus lasadh í i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, ionas go bhfuil siad ina bhfásach bánaithe go dtí an lá inniu féin.’


Tá iníon na hÉigipte á náiriú, á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.”


Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;


Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”


Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá.


“Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól.


Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.


Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí