Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 1:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus tháinic focal an TIGHEARNA an dara huáir chugam, gha rádh, Cred chí tú? Agus a dubhairt misi, Do chím pota fiuchaidh; agus a aghaidh leath ris an ttuaisceart.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 1:13
10 Tagairtí Cros  

Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích.


is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.


Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Céard a fheiceann tú, a Irimia?” Dúirt mise: “Fígí, na cinn mhaithe rómhaith, na droch-chinn ró-olc ionas nach féidir iad a ithe ar a n‑olcas.”


na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti.


Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”


“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí