Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:33 - An Bíobla Naofa 1981

33 Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus do sheas Israel uile, agus na seanóirighe, agus a noifigigh, agus a mbreitheamhuin, don taóibhsi don airc agus ar an ttaóibh oile roimhe na sagairt Lebhíteach, noch do iomchair airc chunnartha an TIGHEARNA, aráon an coimhidhtheach, agus an té rugadh na measc; leath dhíobh thall as coinne shléibhe Gerisim, agus an leath oile dhíobh thall as coinne shléibhe Ebal; mar do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA roimhe, go mbeinneochaidís pobal Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:33
22 Tagairtí Cros  

Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”


Bíodh an t‑aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.”


an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t‑aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch;


ná bíodh ach an t‑aon reacht amháin, an t‑aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.’ ”


cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t‑aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.


Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”


Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.


Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d'fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo.


thug sé an t‑ordú seo do na Léivítigh a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna:


Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.


chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.


Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.


Nuair a scoir na daoine campa chun gabháil thar Iordáin, thug na sagairt áirc an chonartha leo roimh an bpobal amach.


agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint


Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.


Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir


Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.


Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí