Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: “Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus tárla ar an seachdmhadh húair, an tan do shéideadar na sagairt na stuic, go ndubhairt Iosua ris an bpobal, Gáiridh; óir thug an TIGHEARNA an chathair dhíbh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:16
6 Tagairtí Cros  

D'fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic.


Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá.


Ar an seachtú lá d'éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n‑uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n‑uaire.


Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí