Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Oír sé ar TIGHEARNA Día thug súas sinn, agus ar naithre as crích na Hégipte, ó thigh na daóirsi, agus noch do rinne na comharthuidhe móra sin ann gach uile shlighe a ndeachamar, agus a measc gach uile phobal tré ar ghabhamar:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:17
14 Tagairtí Cros  

Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.


Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;


Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.


‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.


Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”


Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile,


Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air.


na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu.


Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: “Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile!


Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí