Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 21:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus taínic an chrannchar amach ar mhuinntearuibh na Gcohatíteach: agus fúaradar clann Aaron an sagart, noch do bhí do na Lebhítibh, le crannchar ó threibh Iúdah, agus ó threibh Símeon, agus o threibh Beniamin, trí caithreacha doag.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 21:4
9 Tagairtí Cros  

Seo iad a n‑áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d'fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),


Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.


Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám.


Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.


Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n‑oidhreacht.


An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise.


Ansin d'éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí