Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:55 - An Bíobla Naofa 1981

55 Máón, Cairmeil, Zíf, Iútá,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

55 Maon, Carmel, agus Siph, agus Iutah,

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:55
19 Tagairtí Cros  

Heazro ó Chairmeil. Páraí ó Arab.


Nuair a d'imigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, d'umhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine.


Clann mhac Chálaeb deartháir Iarachmael: Máiréiseá a chéadghin, athair Zíf. Clann mhac Mháiréiseá: Heabrón.


Ba é Máón mac Sheamái. Ghin Máón Béit Zúr.


agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf


Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.


Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin; beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne.


Humtá, Ciriat Arba (.i. Heabrón), Zíór; naoi gcathracha lena mbailte.


Iazrael, Iocdám, Zanóach,


Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.


Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh - naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.


Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.


D'imíodar leo dá bhrí sin agus chuadar go Zíf roimh Shól. Idir an dá linn bhí Dáiví agus a chuid fear i bhfásach Mháón, san Arabá, laisteas de Ieisímeon.


Agus chuaigh Sól agus a chuid fear ar a thóir. Fuair Dáiví scéala faoi, agus síos leis chun na carraige atá i bhfásach Mháón. Nuair a chuala Sól é sin lean sé Dáiví isteach i bhfásach Mháón.


Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil.


Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí