Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 D'fhreagair sise: “Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.” Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ann sin a dubhairt sisi, Tabhair beannachd damh; óir thug tú fearann tirm dhamh; tabhair dhamh mar an ccéadna toibreacha uisge. Agus thug sé dhi na toibreacha úachdarach, agus na toibreacha iochdarach.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:19
8 Tagairtí Cros  

Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.


Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.” D'áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.


Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.


Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá: Éist, a Thiarna, le glor Iúdá, agus beir ar ais chun a mhuintire é, go gcosnaí a lámha a chearta, agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.


Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”


Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní.


Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí