Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do chuáidh an téora amach re táobh Ecron budh thuaigh: agus do táirngeadh an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíabh Baalah, agus do chúaidh amach go Iabneel; agus do bhádar a dula amach na teorann ag an bhfairge.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:11
15 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”


“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”


Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.


Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh.


Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;


An Fharraige Mhór agus a feorainn an teorainn thiar. Sin é anois an teorainn timpeall an fhearainn a bronnadh ar chlann Iúdá de réir a bhfiní.


Eacrón lena bhailte agus a shráidbhailte.


Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).


[Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.


Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.


Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”


Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.


Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí