Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 14:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do bé ainm Hébron roimhe sin Círíat‐arba; noch Arba bhi na dhuine mór a measc na Nanacimeach. Agus do bhí suaimhneas ó chogadh ag an dúithche.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 14:15
16 Tagairtí Cros  

agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh.


Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác.


“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.


Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Sin iad finí Léiví de réir a sinsear.


agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,


Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.


Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.


Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).


Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.


Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.


Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.


Bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh daichead bliain. Nuair a fuair Oitníéil mac Canaz bás,


Fuair Iosrael lámh in uachtar ar Mhóáb an lá sin, agus bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh ceithre fichid bliain.


Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.


Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.


don mhuintir i Heabrón, agus do na háiteanna go léir a thaithíodh Dáiví agus a chuid fear.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí