Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iósua 14:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do bé ainm Hébron roimhe sin Círíat‐arba; noch Arba bhi na dhuine mór a measc na Nanacimeach. Agus do bhí suaimhneas ó chogadh ag an dúithche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 14:15
16 Tagairtí Cros  

Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Chanaáin: agus táinig Abraham do dhéunamh doilghis fa Shárah, agus do ghul tríthe.


Agus táinic Iácob go nuige a athair Isaac go Mamre go cathruigh Arbah, (eadhon Hébron) áit ar chomhnuidh Abraham agus Isaac.


Agus a dubhairt sé ris, Guidhim thú, eirigh, féuch an maith a táthar ag ad dhearbhráithribh, agus an maith a táthar ag na tréuduibh; agus tabhair scéula chugam a rís. Mar sin do chuir sé amach é as gleann Hébron, agus táinig sé go Sechem.


¶ Eleasar do ghein Phinehas, Phinehas do ghein Abisua,


Agus ar son na mbailteadh, gon a machairighibh, do chomhnuidh cuid do chloinn Iúdah ann Ciriat‐arba, agus iona bailtibh, agus ann Dibon, agus iona bailtibh, agus ann Iecabseel, agus iona bailtibh,


¶ Mar sin do ghabh Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar labhair an TIGHEARNA re Maóise; agus thug Iosua mar oighreachd do Israel é do réir a ronna iona ttreabhuibh. Agus do sguir an dúithche do chogadh.


Tháinic Hebron ar a nadhbharsin chum bheith na hoighreachd ag Caleb mac Iephunneh an Cenesiteach gus a niugh, do bhrígh gur lean sé go hiomlán an TIGHEARNA Día Israel.


Agus thug sé do Cháleb mhac Iephunneh a chuid a measc chloinne Iúdah do réir aithne an TIGHEARNA do Iosua, eadhon cathair Arba athair Anac, noch ar bhí an cathair sin Hébron.


Agus tugadar dhóibh cathair Arbah athair Anac, (noch ar bí an chathair sin Hébron), a slíabh Iúdah, gun a bailtibh na timchioll fa gcuáirt.


Agus tugadar machairidh na caithreach, agus a bailte do Cháleb mhac Iephunneh mar sheilbh dhósan.


Agus tugadar Hebron do Chaleb, mar a dubhairt Máoise: agus do dhíbir sé as sin trí mic Anac.


Agus do bhí súaimhneas ag an ttír ar feadh dhá fhichthiod blíadhan. Agus fuáir Otniel mac Cénas bás.


Marsin do cláoidheadh Moab an lá sin fáoi lamhuibh Israel. Agus do bhí an tír suáimhneach ochdmhodhad blíadhan.


Marsin a THIGHEARNA go gcláoidhtear do naimhde uile: ach bíodh an mheid ler bhionmhuin é mar an ngreín a núair éirghios súas iona neart. Agus do bhí súaimhnios agan talumh ceathrachad blíadhan.


¶ Is mar so do cláiodheadh Mídian roimhe chloinn Israel, ionnus nár thógbhadar a gcionn ní sa mhó. Agus do bhí an tír go socair ceathrachad bliádhan a láethibh Ghideon.


Agus chum na droinge do bhí ann Hebron, agus cum na náiteach uile mar a ngnáthuigheadh Dáibhi féin agus a dháoine tathuighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí