Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 5:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus aitheonuidh tú go mbiáidh do thabernacuil a síothcháin; agus rachuidh tú dféuchuin do bhunaid, agus ní dhéana tú peacadh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 5:24
15 Tagairtí Cros  

Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.


B'áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa, Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.


Lagófar an solas ina bhoth Agus múchfar an lampa os a chionn.


Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.


Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.


Agus téann siad i laghad agus i laige; de thoisc iomad a n‑olc is a n‑angar.


Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.


Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh.


Ní thiocfaidh aon urchóid i d'aice, ná aon phlá i gcóngar do bhotha,


“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;


Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit.


Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí