Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 12:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a dubhairt Ephraim, Gidheadh tháinic mé chum bheith saidhbhir, fuáir mé substaint: ann mo sháothruibh uile ní bhfuighid síad éigceart air bioth ionnam, do bhí na pheacadh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 12:8
29 Tagairtí Cros  

Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall -


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.


Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.


Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas.


Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”


Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,


Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’


Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,


Mhéadaigh tú do stór le do chríonnacht i gcúrsaí gnó; bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine.


Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.


Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.


Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.


Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,


Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.


Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’


Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”


agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’


Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.”


Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.


Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.


Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí