Hóisé 12:7 - An Bíobla Naofa 19817 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile; ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart, agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 ¶ Is ceannuighe é, atáid meadhá na mealltóireachda iona láimh: grádhuigh sé foiréigion do dhéanamh. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”