Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 12:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim, “d'éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d'ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus misi an TIGHEARNA do Dhía ó chrích na Hégipte do bhéara mé ortsa fós áitreabhadh a bpáillíunuibh, amhuil a láethibh a nféasta shollamonta.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 12:9
22 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.


dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”


Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;


dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?


Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc; ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas.


Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n‑eachtrannaigh.’


Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,


Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.


Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.


Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.


bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte.


Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d'fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d'fhág mé ag siúl ceannard sibh.


Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.


Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.


Mise an Tiarna, bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte d'fhonn go mbeinn mar Dhia agaibh; mise an Tiarna bhur nDia.”


Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí