Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 7:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 ach níor thug sé aon oidhreacht dó inti, go fiú leithead troighe, ach gur gheall sé go dtabharfadh sé dó é mar sheilbh aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh, cé nach raibh muirear ar bith aige go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ní thug sé oighreacht ar bith dó ann, fiú fad troighe: acht gheall sé a thabhairt mar sheilbh dó féin, agus dhá shliocht ina dhiaidh, gidh nach raibh aon duine cloinne aige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 agus ní thug sé aon oidhreacht dó annsin, oiread agus coiscéim troighe: agus do gheall sé dhó go dtiubhradh sé mar sheilbh é dhó féin agus d’á shliocht ’n‐a dhiaidh, agus gan clann aige fós.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ní thug sé oíghreachd dhó ann, go fíu leithead troighthe: bíodh gur gheall sé a thabhairt mar sheilbh dhó féin, agus dá shíol na dhíaigh, gé bách raibh clann fós aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus níor thug sé seilbh oighreachta dhó ann, oiread agus ciscéim troíghe, ach do gheall sé go dtabharfad sé seilbh na h-áite dó féin agus d’á shlocht ’n-a dhiaidh, agus gan mac aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar a oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 7:5
22 Tagairtí Cros  

Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó.


An talamh go léir a fheiceann tú tabharfaidh mé duit é agus do do shíol go brách.


Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,


Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.


Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”


“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”


Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.


Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú.


“A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’


Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh.’


agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda.


Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.


Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”


Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí