Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 7:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Leis sin d'fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d'aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Dʼimigh sé ansin as tír na gCaldéach, agus bhi cónaí air i Hárán. Agus nuair a fuair a athair bás, thug Dia air dul ar imirce chun na tíre seo a bhfuil sibh in bhur gcónaí inti;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Annsin d’fhág sé tír na gCaildeach, agus bhain sé faoi i gCaran. Agus as sin, i ndiaidh bhás a athar, d’athruig sé é go dtí an talamh seo, ina bhfuil sibh-se i bhur gcómhnaidhe anois.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Annsin d’fhág sé tír na gCaldaeach, agus do chómhnuigh sé i gCarrán, agus, nuair fuair a athair bás, d’aistrigh Dia é go dtí an tír seo ’n‐a bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr gcómhnaidhe anois:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Dimthigh sé ann sin as talamh na Gcaldéanach, agus do chomhnuigh sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis bháis a athar, dárrthuigh sé é don talamhsa, ann a bhfuiltíse a nois bhur gcómhnuidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ansan d’fhág sé tír na gCaldaéach agus chómhnuigh sé i gCaran. Agus nuair a fuair a athair bás d’aistirigh sé é chun na tíre seo ’na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómhnuighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Leis sin dʼfhág sé Tír na gCaildéach agus chuaigh chun cónaithe i Hárán. Agus tar éis bhás a athar, dʼaistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibh-se in bhur gcónaí anois.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 7:4
5 Tagairtí Cros  

“Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.”


“Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.


Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí