Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Dá bhri sin, a bhráithre, toghaigí amach asaibh féin seachtar fear a bhfuil clú maith orthu, agus iad lán den Spiorad Naomh agus den eagna go gcuirimid i gceannas an ghnó seo iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ar an adhbhar sin, a bhráithre, cuartuighigidh i bhur measc seacht bhfir dheigh-chliúiteacha, lán de’n Spiorad Naomh agus d’eagna, a chuirfimíd i mbun na h-oibre seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Uime sin, a bhráithreacha, toghaidh ’n‐bhúr measc féin móirsheisear d’fhearaibh creideamhnacha atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ar a nadhbharsín, a dheartbhraithreacha, féuchaidh amach bhur measg féin mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don Spioruid Náomh agus deagna, noch do chuirfeam a dtimcheal na hóibreise.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Cuardaighidh d’a bhrigh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mórsheisear d’fhearaibh creideamhnacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 6:3
34 Tagairtí Cros  

Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.


An té a mhúineann an riail sin dó, is é a Dhia é atá á theagasc.


anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.


Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.


Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”


Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:


“Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc,


D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”


Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.


Bhí ardmheas ag bráithre Liostra agus Iocoiniam ar Thiomóid


agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.


“Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,


Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus d'iarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin.


Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird.


Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch.


Thug siad i láthair na n‑aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.


ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é.


Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.


Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.


Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,


Tugaigí chugam saoithe, lucht gaoise agus taithí, as gach treibh ar leith, agus déanfaidh mé ceannairí oraibh díobh.’


agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí