Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus choinnigh sé siar cuid den airgead a fuair sé air (rud nach raibh ceilte ar a bhean), agus níor chuir sé ach cuid de ag cosa na n‑aspal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus d’imir sé feall fá luach an talaimh, agus a fhios sin ag a mhnaoi: agus ar thabhairt choda de leis, d’fhág sé ag cosa na n-Abstal é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus do chongbhuigh cuid d’á luach, go bhfios d’á mhnaoi, agus thug cuid de, agus do chuir ag cosaibh na n‐abstal é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chonnaimh aige go folaightheach cuid dá lúach, go bhfios da mhnáoi, agus ar dtabhairt choda éigin ris, do chuir sé ag cosadh na nabsdal é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus, go fiosach d’á mhnaoí, do cheil sé cuid d’fhiachaibh an tailimh agus chuir sé cuid de’n airgead ag cosaibh na n-Aspol.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 5:2
16 Tagairtí Cros  

Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.


Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;


Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.


Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu;


Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.


Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas


Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.


Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.”


Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.


Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí