Gníomhartha 16:3 - An Bíobla Naofa 19813 agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Bhi fonn ar Phól Timótéus a bheith leis; agus ghlac sé é agus thimpeallghearr sé é as siocair na nGiúdach a bhí sna háiteanna úd, mar bhí a fhios acu uile gur Ghréagach a bhí ina athair. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Ba mhian le Pól é seo dul ina chuideachtha féin: agus ghá bhreith leis dó, rinne sé é a thimcheallghearradh, mar gheall ar na h-Iúdaigh, a bhí ins na h-áiteacha sin. Óir bhí a fhios acu uilig gur phágánach a athair. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Do bhí fonn ar Phól go rachadh seisean amach i n‐éinfheacht leis; agus do ghlac sé é agus do thimcheall‐ghearr sé é mar gheall ar na h‐Iúdachaibh do bhí ins na h‐áiteannaibh sin: óir bhí a fhios aca go léir gur Ghréagach a athair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Do ghabh fonn Pól an fearso do bhreith leis na chuideachda; agus ar na bhreith leis dó do thincheallghearr sé é ar son na Níudaidheadh do bhí ann sna háitibh sin: óir do bhí a fhios acá uile gur Ghréugach a athair. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Ba mhian le Pól an fear san do dhul leis féin, agus dhein sé tímpallghearradh air mar gheall ar na Iúdaígh a bhí ins na h-áiteanaibh sin. Óir dobh eól dóibh go léir gur gheinteach a athair. Féach an chaibidil |