Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 9:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Is é a dúirt na comharsana agus an dream a dʼfheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Ar an adhbhar sin, dubhairt na cómharsain, agus na daoine a chonnaic é roimhe sin, agus é ag iarraidh déirce: Nach é seo an té a bhíodh ina shuidhe, agus é ag iarraidh déirce? Deireadh cuid acu: Is é seo é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus a chómharsana agus na daoine do chonnaic roimhe sin é, agus é ’n‐a dhéirceoir, adubhradar, Nach é seo an té do bhíodh ’n‐a shuidhe ag iarraidh déirce?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ar a nadhbharsin a dubhradar na comharsain, agus na daoine do chunnairc dall é roimhe sin, An né nach é so an té do bhí na shuidhe ag iaruuidh na deirce?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:8
9 Tagairtí Cros  

Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.


Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.


Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce.


Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”


Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí