Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 8:51 - An Bíobla Naofa 1981

51 Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Deirim libh go deimhin agus go dearfa, má choinníonn duine mo bhriathar, ní fheicfidh sé an bás go deo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Amén, amén, adeirim libh: má chongbhuigheann duine ar bith mo bhriathar-sa, ní fheicfidh sé bás a choidhche.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Go fírinneach adeirim libh, Má choimhéadann duine ar bith mo bhriathar, ní fheicfidh sé bás go deoidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé choimhéudfas mo bhríatharsa, ní fhaicfi sé bás go siorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 8:51
15 Tagairtí Cros  

Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?


Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”


Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.


Is é seo an t‑arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.


Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”


Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’


Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.


Trí chreideamh tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia.


Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí