Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 8:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i m'aonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus má bheirim-se breitheamhnas, tá mo breitheamhnas fíor, óir ní fhuil mé i m’aonar, acht mise agus an t-Athair, a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus má bheirimse breith féin, tá mo bhreith fíor: óir ní fhuilim im’ aonar, acht atá mise agus an t‐Athair do chuir uaidh mé i n‐éinfheacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus fós dá mbéarainn breath, as fírinneach mo bhreitheamhnus: oír ní bhfuilim am áonar, achd misi agus an Tathair do chuir uádh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus má bheirimh-se breith, tá mo bhreith fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, ach mé féin agus an t-é a chuir uaidh mé, an t-Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i mʼaonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 8:16
15 Tagairtí Cros  

i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.


Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.


Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael.


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.


An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”


Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”


Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.


Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí