Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 6:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Dʼardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus dʼfhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Ar an adhbhar sin, nuair a thóg Íosa suas a shúla, agus chonnaic sé go raibh sluagh an-mhór ag teacht chuige, dubhairt sé le Pilip: Cá gceannóchamuid arán go n-ithidh siad seo?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair d’árduigh Íosa a shúile, agus do chonnaic sé sluagh mór ag teacht chuige, adubhairt sé le Pilib, Cá gceannóchaimíd arán dóibh‐sean le n’ithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 An tan do thóg Iósa a shúile suás, agus do chunnairc sé go dtáinic buidhean mhór chuige, a dubhairt sé ré Philib, Ga háit as a gceinneochamáois arán, do chum go níosaidís so ní?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Nuair a dh’árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud?

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 6:5
14 Tagairtí Cros  

Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: ‘Tabhair dúinn feoil le hithe!’?


Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?”


D'imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.


Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.


Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”


Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.


Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”


Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.


“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”


Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí