Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 5:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Mar sin, dúirt na Giúdaigh leis an bhfear a leigheasadh, “Is í an tsabóid í, níl sé dlisteanach duit do shráideog a iompar.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Ar an adhbhar sin, dubhairt na h-Iúdaigh leis an té a rinneadh slán: Tá an tsabóid ann, agus ní ceadmhach duit do shráideog d’iomchar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus ba í an tsabóid do bhí ann an lá sin. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh leis an duine a leigheasadh. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaghthach dhuit do leaba d’iomchar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighiseadh: Tá an tsabbóid ann; ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 5:10
19 Tagairtí Cros  

Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;


Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é.


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?” chun go gciontóidís é.


Dúirt na Fairisínigh leis: “Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach sa tsabóid?”


Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu.


Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”


Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.


Dúirt cuid de na Fairisínigh: “Cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide?”


Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:


D'fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’ ”


D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.


Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.


Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?


Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí