Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Séideann an ghaoth mar a dtograíonn sí, agus cluineann tú a glór, ach níl fhios agat cá has a dtagann sí nó cá n‑imíonn sí; is amhlaidh a bhíos leis an uile dhuine dá n‑athbheirtear ón Spiorad.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Séideann an Spiorad mar is áil leis: agus cluin tú a ghuth, acht ní h-eol duit cá h-as a dtig sé, ná cá dtéid sé: is amhlaidh atá gach aoinneach a gheintear ó’n Spiorad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Séideann an ghaoth mar is áil léi, agus do‐chluin tú a fuaim, acht ní h‐eol duit cad as a dtig sí, agus cá dtéid sí: mar sin do gach duine geintear ó’n Spiorad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Séidigh an gháoth mar as áill lé, agus do chluin tú a torann, achd ní bhfuil a fhios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gach neach atá ar na gheineamhuin ón Spioruid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Cloiseann tú a ghuth, ach ní h-eól duit cá dtagann sé na cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a geintear o’n Spioraid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní heol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 3:8
21 Tagairtí Cros  

Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara.


Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann; agus chuir tonnta na mara ina dtost.


Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.


Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad.


Dúirt sé liom ansin: “Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.”


an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia.


Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’


D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.


Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí.


Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.


Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.


Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé.


Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí