Eoin 20:2 - An Bíobla Naofa 19812 Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 Chuaigh sí mar sin ina rith chuig Síomón Peadar agus chuig an deisceabal eile ab ansa le hÍosa, agus ar sise leo, “Tá an Tiarna tógtha acu as an tuama, agus níl a fhios againn cár leag siad é.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara2 Rith sí ar an adhbhar sin, agus tig sí chuig Síomon Peadar, agus chuig an deisciobal eile, a b’ionmhuin le h-Íosa, agus deir sí leo: Thóg siad an Tighearna as an tuamba, agus ní fhuil a fhios againn cár chuir siad é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Do rith sí annsin, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionmhain le h‐Íosa, agus adubhairt sí leo, Do thógadar an Tighearna as an tuama, agus ní fhuil a fhios againn cár chuireadar é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Híosa, agus a dubhairt sí ríu, Rugadar an Tighearna léo as an dtúama, agus ní bhfuil a fhios aguinn g háit ar chuireadar é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Ansan do rith sí agus tháinigh sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le hÍosa. “Thóg siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” Féach an chaibidil |