Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 2:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Acht ba ar theampall a chuirp féin a labhair seisean.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Acht is do theampall a chuirp féin do bhí sé ag tagairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:21
10 Tagairtí Cros  

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Nuair a d'aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.


Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.


Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,


Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha


mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí