Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Nuair a d'aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Ar an adhbhar sin, nuair a bhí sé tar éis éirghe ó mharbhaibh, chuimhnigh a dheisciobail gur dhubhairt sé sin, agus chreid siad an Scrioptúir, agus an chainnt a dubhairt Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 D’á bhrigh sin, nuair d’éirigh sé ó na marbhaibh, do chuimhnigh a dheisceabail gur labhair sé mar sin; agus do chreideadar an scrioptúir agus an briathar adubhairt Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ar a nadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chuimhnigheadar a dheisciobail go ndubhairt sé so ríu; agus do chreideadar don sgriobtuir, agus do bhréithir a dubhairt Iósa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus nuair a d’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:22
13 Tagairtí Cros  

Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.


Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”


Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”


Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.


ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.


D'inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t‑am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair.


Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.


Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”


Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.


Ansin chuimhnigh mé ar fhocal úd an Tiarna, mar a dúirt sé: ‘Rinne Eoin baisteadh in uisce ach baistfear sibhse sa Spiorad Naomh.’


go bhfuil Dia tar éis é a chomhlíonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí