Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 12:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Bhí sé beartaithe mar sin ag na hardsagairt Lasarus a chur chun báis freisin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus bhí uachtaráin na sagart ag smaoineadh ar lasair a mharbhadh fosta:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Acht do cheap uachtaráin na sagart de chómhairle Lasarus do chur chum báis, chómh maith;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Uime sin do rinneadar na hárdsagairt do chomhairle Lásarus fós do mharbhadh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna,

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 12:10
14 Tagairtí Cros  

Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.


I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.


Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.


Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.


Ach dúirt sé leis: ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’ ”


Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.


mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr.


Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d'ardaigh sé ó mhairbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí