Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 1:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Cé tú féin? Tabhair freagra dúinn go n‑insímid é don dream a chuir anseo sinn. Cad é atá le rá agat fút féin?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Dubhairt siad leis, dá bhrígh sin: Cé h-é thú, ionnas go dtabhramuid freagair chuig an mhuinntir a chuir annseo sinn? Cad é deir tú fá dtaoibh díot féin?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Adubhradar leis, d’á bhrigh sin, Cia h‐é thú? ionnas go dtiubhraimís freagra dhóibh‐sean do chuir uatha sinn. Cad adeirir id’ thaobh féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muinntir do chuir úatha sinn. Créd a deir tú ad thimcheall féin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn?

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 1:22
3 Tagairtí Cros  

Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d'inis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”


D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”


Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí