Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Muirfidh sé hinghiona leis an ccloidheamh san mháigh: agus do dhéana sé pórt ad aghaidh, agus teilgfidh sé móta ad adhaigh, agus tóigfe sé súas an buicléir ad adhaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:8
9 Tagairtí Cros  

[Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.


Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.


Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.


Buailfidh mise bosa fosta; ídeoidh mé mo fhearg. Mise, an Tiarna, a labhair.”


A hiníonacha ar tír mhór titfidh siad leis an gclaíomh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.


Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.


Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe, agus gáire faoi phrionsaí, agus beag is fiú den uile dhún. Carnann siad cré ina dtimpeall agus gabhann siad seilbh orthu.


Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí