Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Suigheochuidh sé bratacha cogaidh a naghaidh do bhalladh, agus le na thúaghaibh brisfidh sé síos do thuir.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:9
5 Tagairtí Cros  

Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.


Buailfidh mise bosa fosta; ídeoidh mé mo fhearg. Mise, an Tiarna, a labhair.”


Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois.


Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í.


Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí