Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Oir is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, do bhéara mé air Thírus Nebuchadressar rígh na Babilóine, rígh na ríogh, ón tuaisceart, maille re heachaibh, agus re carbaduibh, agus re marcshlúagh, agus le coimhthionól, agus le mórán daóine.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:7
22 Tagairtí Cros  

Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].


Bhí sé ag rá: “Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir? Nach ionann iad Calno agus Cairceimis?


ríthe uile Thuíre, ríthe uile Shíodón, agus ríthe na n‑insí taobh thall d'fharraige,


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!


Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.


Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.


tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.


ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh.


Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.


Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort, an náisiún is barbartha ar na náisiúin; tarraingeoidh siad an claíomh in aghaidh scéimh d'eagna, truailleoidh siad do ghlóir.


Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún, cruinneoidh mise iad ar ball beag, agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnach faoi ualach Rí na bhflatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí