Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 “Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Anois ar a nadhbharsin, a Thatnai, á úachdaráin táobh thall dabhuinn, a Shetar‐bosnai, agus do chompanuigh na Hapharsachitigh, noch atá táobh thall dabhuinn, go madh fada sibhsi ó bhuain annso:

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:6
14 Tagairtí Cros  

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”


Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa - na hÉalámaigh is é sin -


Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”


Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:


Ansin rinne Tatanaí, rialtóir an chúige thar Eofrataes, Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe, gach ar ordaigh an rí Dáire a chomhlíonadh go beacht.


fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair.


A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.


Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí