Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus mar an ccéadna na soithighe óir agus airgid thíghe Dé, noch thug Nebuchadnessar ás an tteampall atá ann Ierusalem, agus thug leis don Bhabilóin, aisigthear iad, agus beirthear a rís íad don teampall atá ann Ierusalem, gach aóinní iona áit féin, agus suighidh íad a ttigh Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:5
12 Tagairtí Cros  

Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.


In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.


Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.


Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir.


Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh.


Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí