Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Maille re trí líne do chlochuibh móra, agus líne do adhmad núadh: agus tugthar a ccaithfighthér leis as tigh an rígh:

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:4
10 Tagairtí Cros  

Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair.


Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.


Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.


Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.


Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart, an chumhacht sin a d'oibrigh tú a Dhia, ar ár son.


Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.


Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.


Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí