Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 D'ith an mhuintir seo leanas an Cháisc: na hIosraelaigh go léir a d'fhill óna ndeoraíocht, agus iad siúd go léir a scar le truaillitheacht a gcomharsana máguaird agus a ghabh leo ag adhradh an Tiarna, Dia Iosrael

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus a dúadar clann Israel, an cháisg, noch tháinic a rís as an ndaoirsine, agus a nuile dhuine dar dhealuigh íad féin chuca ó shalchar ghenteadh na tíre, díarruidh an TIGHEARNA Día Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:21
13 Tagairtí Cros  

a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.”


Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -


Na haitheanta a d'aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann.


Malúc, Hairím, Báná.


Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear.


Is dearfa go deimhin do reachtanna; is do do theachsa is cuí an naofacht, a Thiarna, go brách na breithe.


“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!


Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.


Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí