Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do chungmhadar féusta a naráin gan loibhin seacht lá maille re gáirdeachus: óir do rinne an TIGHEARNA sólasach íad, agus do iompóigh sé croidhe rígh na Hassíria léo, do neartughadh a lámh do dhéanamh thighe Dé, Día Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:22
20 Tagairtí Cros  

Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.


Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n‑ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví.


D'ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.


Rinne na hIosraelaigh in Iarúsailéim féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh ar feadh seacht lá le barr lúcháire; bhí na Léivítigh agus na sagairt ag moladh an Tiarna de lá agus d'oíche ar a gcroídhícheall.


Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.


Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá.


Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:


Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;


Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,


Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d'fhios an rí. Ach tar éis tamaill d'iarr mé cead imeacht air,


Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.


Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.


na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.


Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”


D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí