Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 6:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t‑uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d'fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Oír do bhádar na sagairt agus na Lebhítigh ar na nglanadh a naóinteachd, do bhádar glan uile, agus do mharbhadar an cháisg do chloinn na daóirsine uile, agus dá ndearbhráithribh na sagairt, agus doibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 6:20
7 Tagairtí Cros  

Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.


Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh.


Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.


Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n‑áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d'Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.


Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t‑uan Cásca.


sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí