Eazrá 4:7 - An Bíobla Naofa 19817 Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 ¶ Agus a naimsir Artacsercses do scríobh Bíslam, Mitridat, Tabeel, agus an chuid oile dá ccumpánachaibh, go Hartacsercses rígh na Persia; agus annsa teanguidh Shírianuigh do bhí scríbhinn na litre scríobhtha, agus do míniughadh annsa teanguidh Shírianuigh í. Féach an chaibidil |