Eazrá 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil IV. Do chuireadar cosc ar thogbhala an teampuill. 1 Anois a núair do chúaladar easccáirde Iúdah agus Bheniamin go rabhadar clann na ndaóirsineach ag cur teampuill súas don TIGHEARNA Día Israel; 2 Annsin thangadar go Serubbabel, agus go togha na naithreadh, agus a dubhradar ríu, Léigidh dhúinne congnamh ribh: óir íarramaoid bhur Ndía, mar íarrthaóise; agus do nímid iodhbuirt dó ó aimsir Esarhaddon rígh Assur, noch thug annso a níos sinn. 3 Acht a dubhairt Serubbabel, agus Iessua, agus an chuid oile do thogha aithreadh Israel ríu, Ní bhfuil buáin aguibh rinne as a ndéanadh sibh tigh dar Ndía; acht sinn féin le chéile do dhéanam é don TIGHEARNA Día Israel, mar do fhuagair Círus rígh na Persia dhuinn, 4 Annsin do laguigheadar muinntir na tíre lámha phobail Iúdah, agus do thoirmiosgadar íad iona nobair, 5 Agus do fhostóigheadar comhairligh na naghaidh, do bhacadh a ttionnscanta, ar feadh sháoghail Chirus rígh na Persia, nó go ttáinic Dárius rígh na Persia a ríghe. 6 Agus a ríghe Ahasuerus, a ttosach a ríghe, do scríobhadar casaóid chuige a naghaidh mhuinntire Iúdah agus Ierusalem. 7 ¶ Agus a naimsir Artacsercses do scríobh Bíslam, Mitridat, Tabeel, agus an chuid oile dá ccumpánachaibh, go Hartacsercses rígh na Persia; agus annsa teanguidh Shírianuigh do bhí scríbhinn na litre scríobhtha, agus do míniughadh annsa teanguidh Shírianuigh í. 8 Do scríobh Rehum an Saimhseler agus Simsai an scribhneóir litir a naghaidh Ierusalem go Hartacsercses an rígh ar an modhsa: 9 Annsin do scríobh Rehum an saimhseler, agus Simsai an scribhneóir, agus an chuid oile dá ccompanachaibh; na Dinaitigh, agus na Hapharsatchitigh, na Tarpelitigh, na Hapharsitigh, na Harchebhitigh, na Babilónianuigh, na Susanchitigh, na Dehabhitigh, agus na Helamitigh, 10 Agus an chuid oile do na cineadhachaibh noch thug Asnappar mór úasal a nall, agus do shuighidh a ccaithreachaibh Shamária, agus an chuid oile atá don taóibhsi do nabhuinn, agus iona leitheidso daimsir. 11 ¶ Sí so cóib na litreach do chuireadar chuige, eadhon go Hartácsercses an rígh; Do sherbhisigh don taóibh so don nabhuinn, agus iona leitheidso daimsir. 12 Bíodh a fhios ag an rígh, na Iúduighe tháinic uáitsi a níos chuguinne go ttangadar go Hierusalem, ag cur súas na drochchaithreach eassurrumaigh, agus gur chuireadar a balladha súas, agus gur cheangladar dhá chéile a bunáite. 13 Bíodh a fhios a nois ag an rígh, má cuirthear an chathairsi súas, agus na balladha do chur súas a rís, annsin nach díolfuid siád cáin, cíos, nó custum, marsin laighdeochus tusa cíos na ríogh. 14 Anois do bhrígh go bhfuil túarusdal aguinne as palás an rígh, agus nar bhiomchubhuidh dhúinn easonóir an rígh dfaícsin, uimesin do chuireamar uáinn agus do dheimhnigheamar so don rígh; 15 Ionnus go ndéantaoi cúartughadh a leabhar cuimhnightheach haithreadh: marsin do gheabha tú a leabhar na cuimhne, agus aitheonus tú gur cathair ceannairceach an chathairsi, agus dioghbhalach do ríghthibh agus do thíorthuibh, agus gur thógbhadar ceannairc a stigh innte san tseanaimsir: arson na cúise sin do scriosadh an chathairsi. 16 Dearbhamaoid don rígh, má cuirthear an chathairsi súas a ris, agus a balladha do chur súas, dá bhrígh so nach biáidh cuid agad don taoibhsi do nabhuinn. 17 ¶ Do chuir an rígh freagra go Rehum an Saimhselér, agus go Simsai an scribhneóir, agus gus an ccuid oile dá ccompanachaibh áitreabhus a Samária, agus chum na coda oile táobh thall do nabhuinn, Síothcháin, agus iona leitheid sin daimsir. 18 An litir do chuireabhair chuguinn do léigheadh go soilléir am lathair í. 19 Agus dfúagair misi, agus do rinneadh spíonadh, agus do frith go ndéarnuidh an chathairsi imreasan a naghaidh ríogh annsa tseanaimsir, agus go ndéarnadh cogadh agus buaidhreadh ínnte. 20 Do bhádar righthe cumhachtacha mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noch do ríaghluidh ós cionn a niomláin táobh thall dabhuinn; agus do híocadh cíos, cáin, agus custhum ríu. 21 Tugaidhsi a nois fúagra uáibh dá thabhairt ar an muinntirsi cosc, agus gan an chathairsi do chur súas, nó go ttugthar aithne uaimsi. 22 Tugaidh dá bhur naire a nois gan faillighe ris so do dhéanamh: cred as a bhfásfadh díoghbhail do dheanamh dochair do na ríghthibh? 23 ¶ A nois an tan do léigheadh cóib litreach Artacsercses a bhfiaghnuise Rehum, agus Shimsai an scribhneóir, agus a ccompánach, do chúadar súas go deifreach go Hierusalem chum na Iúduigheadh, agus thugadar orra scúr le neart agus lé comhachduibh. 24 Annsin do choisc obair thighe Dé noch atá ann Ierusalem. Marsin do scuir gus an dara blíadhuin do ríghe Darius rígh na Persia. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society